Ór

Níl a dhath ar an domhan
A chuireann mo chroí
Ag bualadh chomh bríomhar
Is a bhí sé ar an Satharn
Sin ar chósta san Iarthar
Théis dhá uair a chloig
Ag rith na mbóithre is na
Sléibhte roimh thús thonn teasa
Agus gaoth fhuar ag séideadh
Go cneasta ar mo dhroim

Ach d'aghaidh gheal ag
Taitneamh fé ghruaig órga
Is do rosc glas ag breathnú
Díreach im shúile féin,
Do lámha amach chun mé
A fháiltiú chuig do bhaclainn
Ag deireadh rás timpeall an oileáin
Nó ag deireadh lae i seomra an óstáin.

Comments

Popular posts from this blog

A Secret Christmas Sonnet