Cé Tú Féin? (Eanáir 2013)
Dá gcuirfí an cheist orm inniu
Is mé im' aonar sa leabharlann,
Seangheansaí rugbaí an choláiste
Á chaitheamh agam d'ainneoin an
Cárta as-dáta aitheantais im' phóca,
Leabhar as-cló filíochta os mo chomhar,
Peann dubh leath-fholamh im' lámh,
Leideanna na málaí gorma fém' shúile
Ar aghaidh nár bhraith faobhar an rásúir
Ar feadh seachtaine fhuar fhada,
N'fheadar an ndéarfainn gur file mé féin,
Nó múinteoir nua, nó fós i mo mhac léinn,
Cúlbáire gan cúl, amadán, leaid saonta óg,
Nó smaointeoir tuirseach ina shuí i liombó.

Comments
Post a Comment