Cé Tú Féin? (Eanáir 2013)
Dá gcuirfí an cheist orm inniu Is mé im' aonar sa leabharlann, Seangheansaí rugbaí an choláiste Á chaitheamh agam d'ainneoin an Cárta as-dáta aitheantais im' phóca, Leabhar as-cló filíochta os mo chomhar, Peann dubh leath-fholamh im' lámh, Leideanna na málaí gorma fém' shúile Ar aghaidh nár bhraith faobhar an rásúir Ar feadh seachtaine fhuar fhada, N'fheadar an ndéarfainn gur file mé féin, Nó múinteoir nua, nó fós i mo mhac léinn, Cúlbáire gan cúl, amadán, leaid saonta óg, Nó smaointeoir tuirseach ina shuí i liombó.