Posts

Showing posts from March, 2013

Agus Scátháin

Gheallaigh solas bán guthán mo charad Tráthnóna inné is muid inár suí Os comhar scáileáin sa choláiste seo Gan smál ar imeall chathair Luimní, Tweet ag fógairt go raibh cinneadh déanta Cé go mbeidh ina nua-phápa Ar na 1.2 billiún caitliceach Ar fud an domhain, de réir na nuachta, Is muid ag féachaint ar 'Cré Na Cille', Ag léamh guíonna na nguthanna marbha, Ag gáire faoina sean-traidisiúin, Deatach bán os cionn na Róimhe Fiú tar éis gach saghas fidléireachta.