Thursday, July 19, 2012

Do Phóg, Mo Mhanna

Ba mhaith liom tú a phógadh arís,
A Aingil Dhuibh mo bhrionglóidí,
Is tú a tharraingt chugam
Chun go bhfaighfeá suaimhneas
Gar dom chliabhrach mar a tharla
Sé an t-aon oíche amháin sin,

Do ghruaigh mar bhlaincéad síoda
Dorcha ar mo ghualainn dheas
Is do leicne bánna chomh bog
Faoi bharra mo mhéaranna
Is gur mhothaigh mé mé fhéin
Ag titim i dtreo na n-aislingí

Agus eagla orm nach gcreidfí choíche
Mo chur síos ar d'áilleacht,
Macallaí ag teacht chugam ón tseanfhilíocht
Agus fonn orm tú féin is mise
A chur le chéile uair amháin eile,
Lá nó oíche, is anseo i bhfocla na síoraíochta.

No comments:

Post a Comment