Críoch An Chiúnais

D'fhanthas im' thost go ró-fhada,
Osnaí á ligeant uaim
Nuair a bhuaileadh smaointí mé
Seachas dánta a scríobh
Nó óráid a rá,

An teannas ag méadú
Sna ghualainne orm
Seachas mo chorp a chur
Ag croitheadh nó mo
Chroí ag buaileadh le gliondar,

Leathannaigh folmha bánna
Snug idir a gclúdaigh
Seachas marcanna phinn
Scaipthe ina scrapanna
Ar urlár an tseomra,

Ar eagla gurb i laige
A thit mo ghuth,
Go dtí gur sháraigh mé
An t-uaigneas i m'intinn
Is thógas ón scabbard mo chlaíomh.

Comments

Popular posts from this blog

A Secret Christmas Sonnet