An Trua Is Mó
N'fheadar cén trua is mó, a stór,
Is muid ag dul ár mbealaí éagsúla,
An tuiscint go mbeidh mé brónach
I do dhiaidh fad is atáimid scartha
Nó an tost pianmhar seo, aineolas,
An cosc atá orm a choimeádann dúnta
Mo bhéal is nach ligeann dom
Mo scéal a insint duit i gceart,
An mearbhall searbhmhilis, masc sonais
Fad is a bhreathnaíonn tú orm
Agus súile chuig na flaithis nuair
A shiúlaim uait sa dorchadas.
Is muid ag dul ár mbealaí éagsúla,
An tuiscint go mbeidh mé brónach
I do dhiaidh fad is atáimid scartha
Nó an tost pianmhar seo, aineolas,
An cosc atá orm a choimeádann dúnta
Mo bhéal is nach ligeann dom
Mo scéal a insint duit i gceart,
An mearbhall searbhmhilis, masc sonais
Fad is a bhreathnaíonn tú orm
Agus súile chuig na flaithis nuair
A shiúlaim uait sa dorchadas.
Comments
Post a Comment