Ag Staidéir San Oigheann
Cúis ioróine is ea é domsa,
Fear gan creideamh is mé
Anseo trí lá i ndiaidh
Domhnach Cásca,
Go mothaim go bhfuilim faoi ghlas
In Ifreann éigin ar domhan
Sa leabharlann seo gan tost,
Na diabhail go léir im thimpeall
Ag spalpadh bladhmanna cainte
Is ag ligint pléascanna uathu
Gach aon uair a bhogtar leathannach
Is pé ama a osclaítear mála,
Is gan aon aingeal coimhdeachta
Chun suaimhneas a chothú.
Fear gan creideamh is mé
Anseo trí lá i ndiaidh
Domhnach Cásca,
Go mothaim go bhfuilim faoi ghlas
In Ifreann éigin ar domhan
Sa leabharlann seo gan tost,
Na diabhail go léir im thimpeall
Ag spalpadh bladhmanna cainte
Is ag ligint pléascanna uathu
Gach aon uair a bhogtar leathannach
Is pé ama a osclaítear mála,
Is gan aon aingeal coimhdeachta
Chun suaimhneas a chothú.
I lol'd. Describes that place perfectly!
ReplyDelete