Imirteas Focal

Seolann muid teachtaireachtaí
Trasna na tíre,
Lán de leideanna agus
Abairtí leath-ráite,
Ag imirt chluiche
Gan teangabháil,
Ag brath ar fhocail
Seachas ar úsáid teangacha,
Íomhánna inár n-aigne,
Aislingí nua-aimseartha
Nach bhfoilseofar d’éinne,
Agus guí uaim
Nach mbeimid scartha
Mar seo go deo.

Comments

Popular posts from this blog

Ór