Déanach

Mothaím fuinneamh ionam inniu,
fuinneamh neirbhíseach an dalta
ar lá roimh spriocdháta
is gan an obair a bheith déanta.

Ritheann na huaireanta ina nóiméid
agus chreidfeá go bhfuil gach doras
á dhúnadh go róluath.

Bagraíonn oíche gan chodladh mé
le meangadh gránna dorcha.

Aoibhinn laethanta deiridh mo bheatha mar scoláire.

Comments

Popular posts from this blog

Ór