Cumann Rúnda
Do cheapas gur tháinís
Ar aon chúis amháin,
An t-aon fáth gur thugas
An cuireadh sin duit,
Is an bheirt againn éirithe
Roimh solas na maidine,
Drúcht ar an bhféar cosúl
Le filíocht ársa,
Nochta gan moill
Ach fós féin cúthail,
Cinnte ach foighneach
Inár gcumann rúnda
Go dtí go d'oir cúrsaí
Dúinn i gceart
Is do chaitheamar tamall
Gan aird ar an gclog,
Agus mé fós ag smaoineamh
Nach raibh ar d'intinn
Ach an méid binn céanna
Is a bhí im cheann féin.
Ar aon chúis amháin,
An t-aon fáth gur thugas
An cuireadh sin duit,
Is an bheirt againn éirithe
Roimh solas na maidine,
Drúcht ar an bhféar cosúl
Le filíocht ársa,
Nochta gan moill
Ach fós féin cúthail,
Cinnte ach foighneach
Inár gcumann rúnda
Go dtí go d'oir cúrsaí
Dúinn i gceart
Is do chaitheamar tamall
Gan aird ar an gclog,
Agus mé fós ag smaoineamh
Nach raibh ar d'intinn
Ach an méid binn céanna
Is a bhí im cheann féin.
Comments
Post a Comment