Athbheochan

D’fhéachas amach tríd an bhfuinneog inniu
is do chonac draíocht an earraigh
mar dhea is gur phléasc na crainn thar oíche
mar fhéileacán ag éalú ó chrysalis.

Déantar dearmad ar a bhfoirmeacha loma creatlacha,
bindealán bog mín glas ar gach cnámh anois,
agus titeann an chéad chith Aibreáin
ag múchadh thart na páirceanna théis coicís geal te.

Comments

Popular posts from this blog

A Secret Christmas Sonnet