Soicindí Idir Titim Bháistí
Im shuí i seomra ciúin dorcha,
le peann im lámh,
is fón im phóca,
le peann im lámh,
is fón im phóca,
agus brón laistigh i ndiaidh mo ghrá.
Lasmuigh, tá balla liath
le duilleoga glasa,
ag rince trí na poill,
agus bláthanna beaga de chuile dhath.
Sa seomra, níl faic chun m’aird a thógáil,
seachas leathanach folamh bán
a chuireann i m’aigne íomhá
dem chailín féin is í cois trá,
ag baint taitnimh as an ngrian chéanna
a bhfeicim go hannamh, ach i rith cuairte
nuair a éiríonn an bháisteach róthuirseach chun titim
is imíonn na scamaill ar shosanna beaga.
Coimeádaim im cheann a súile gorma,
chomh geal is soiléir
leis an bhfarraige faoin spéir,
sna soicindí idir titim bháistí.
Lasmuigh, tá balla liath
le duilleoga glasa,
ag rince trí na poill,
agus bláthanna beaga de chuile dhath.
Sa seomra, níl faic chun m’aird a thógáil,
seachas leathanach folamh bán
a chuireann i m’aigne íomhá
dem chailín féin is í cois trá,
ag baint taitnimh as an ngrian chéanna
a bhfeicim go hannamh, ach i rith cuairte
nuair a éiríonn an bháisteach róthuirseach chun titim
is imíonn na scamaill ar shosanna beaga.
Coimeádaim im cheann a súile gorma,
chomh geal is soiléir
leis an bhfarraige faoin spéir,
sna soicindí idir titim bháistí.
Comments
Post a Comment