Ealaín


Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán;
Sna pictiúir a chruthaigh siad ba dhian an dúshlán,
Cé go raibh samplaí foirfe ar scáileán
Chun iad a spreagadh, mar Muse ag tús dáin.

Do bhí orthu dreapadh thar bhalla an leadráin,
Billeoga folamha a líonadh le dath amháin,
Éalú ón mbogha báistí gan aon ghearán;
Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán.

Comments

Popular posts from this blog

Ór