Cló Dubh
Feicim m’ainm i gcló dubh na hirise
agus saothar simplí os a cionn
agus is beag nach n-aithním é
mar mo scríbhneoireacht féin.
agus saothar simplí os a cionn
agus is beag nach n-aithním é
mar mo scríbhneoireacht féin.
Tá sé chomh fada sin ón lá
ar a scríobhadh iad go bhfuil siad ina
seasamh romham ina n-íomhánna scamallacha
ar nós scátháin bhréagaigh nó griangraf gan flash.
Mé féin atá iontu, tá a fhios agam,
sa tslí chéanna go bhfuil píosaí díom
sna pictiúir a thógas agus mé im gharsún;
an duine céanna, ach roimh fhorbairt phearsan.
Ach, ah, táim ródháiríre!
Táim bródúil astu, déanta na fírinne.

Comments
Post a Comment