Níl a dhath ar an domhan A chuireann mo chroí Ag bualadh chomh bríomhar Is a bhí sé ar an Satharn Sin ar chósta san Iarthar Théis dhá uair a chloig Ag rith na mbóithre is na Sléibhte roimh thús thonn teasa Agus gaoth fhuar ag séideadh Go cneasta ar mo dhroim Ach d'aghaidh gheal ag Taitneamh fé ghruaig órga Is do rosc glas ag breathnú Díreach im shúile féin, Do lámha amach chun mé A fháiltiú chuig do bhaclainn Ag deireadh rás timpeall an oileáin Nó ag deireadh lae i seomra an óstáin.
Comments
Post a Comment