Cló Dubh
Feicim m’ainm i gcló dubh na hirise agus saothar simplí os a cionn agus is beag nach n-aithním é mar mo scríbhneoireacht féin. Tá sé chomh fada sin ón lá ar a scríobhadh iad go bhfuil siad ina seasamh romham ina n-íomhánna scamallacha ar nós scátháin bhréagaigh nó griangraf gan flash. Mé féin atá iontu, tá a fhios agam, sa tslí chéanna go bhfuil píosaí díom sna pictiúir a thógas agus mé im gharsún; an duine céanna, ach roimh fhorbairt phearsan. Ach, ah, táim ródháiríre! Táim bródúil astu, déanta na fírinne.