Warzone?
Lá cosúil le haon cheann eile
ab ea an lá sin i ndáiríre,
An ghrian ag taitneamh i rith na maidine
is an bháisteach ag titim um thráthnóna,
Agus corp dearg eile ar thaobh an bhóthair
Cosúil le duilleog nó píosa páipéir.
Bhíodh páistí ag imirt le bréagáin, liathróidí,
agus Spin FM ag seinm do na mílte déagóirí,
Amhránaí ag insint faoina gcuid brionglóidí,
is línte á chóipeáil ag foghlaimeoirí,
Agus glao práinneach curtha ar na Gardaí
Is amadáin ar an idirlíon ag lorg an Army.
Bhíodh fir is mná ag siopadóireacht,
muirníní ag pógadh, caillte ina n-áilleacht,
Bachlóga glasa sna crinn, mar ba chóir san earrach,
is gach uile rud nádúrtha, faic as an ngnách,
Seachas scéal uafásach pléascach
Ar an Nuacht ag a sé a chlog.
Comments
Post a Comment