An Cailín Eile


Shiúil mé go mall léi,
Mo chosa san uisce
Is a cosa ar an ngaineamh,
An gaoth fhuar ag séideadh
Díreach i m'aghaidh is í
Ag gáire faoin ngrian 'bhí ag taitneamh.

Ba mise a laoch
Agus sise faoi dhraíocht
Ar feadh dhá sheachtain tar éis mhí an Mheithimh.
Ach briseadh a croí nuair
A chuala sí faoi mo chuid bréige
Is an cleas a bhí mé tar éis a dhéanamh.

Comments

Popular posts from this blog

A Secret Christmas Sonnet